From Wikipedia, the free encyclopedia
Sna healaíona (scannánaíocht, litríocht srl) is éard atá i gceist le dialóg ná caint nó comhrá na gcarachtar.[1]
Is í an dialóg an rud is tábhachtaí sa drámaíocht, agus sa scannánaíocht agus sa litríocht go minic. Mura bhfuil comhrá bríomhar idir na carachtair, is dócha go mbeidh an dráma, leabhar nó scannán féin leadránach agus leamh.[2]
Is minic a deir daoine gur maith leo dialóg ‘nádúrtha’ – dialóg nach bhfuil rud ar bith ‘aisteach’ nó ‘ciotach’ inti. Ach le fírinne, tá difear mór idir chomhrá nádúrtha agus an dialóg i ndráma nó i scannán. Is annamh a labhraíonn daoine in abairtí iomlána. Déanann siad botúin ghramadaí. Athraíonn siad an chomhréir i lár abairte. Agus is cinnte nach mbaineann siad úsáid as lúibíní ina gcuid cainte, gan trácht ar leathstadanna. Lena chois sin ní bhíonn daoine gonta ná ábhartha; ní éiríonn leo scéal a insint gan céad scéal eile a tharraingt isteach agus gan míle tagairt a dhéanamh don aimsir. Anuas air sin ar fad bíonn blas réigiúnda le sonrú ar chaint daoine go minic, nó stíl chainte a léireodh cén aoisghrúpa nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, nó saintréithe pearsanta eile.[3]
Smaoinigh, mar shampla, ar na frásaí a úsáidimid nuair nach féidir linn cuimhneamh ar rud éigin, nó nuair a bhíonn níos mó ama ag teastáil uainn. Bíonn ‘um’ agus ‘á’ ann go minic, chomh maith le frásaí mar seo:[2]
• mar a déarfá • tá a fhios agat • an dtuigeann tú • saghas/cineál de
Ní bhíonn na frásaí sin le cloisteáil go minic i ndrámaí nó i scannáin. Nuair a bhíonn daoine ag caint go nádúrtha, ní labhraíonn siad in abairtí iomlána. B’fhéidir go mbeidís leath bealaigh trí abairt amháin nuair a thosóidís ar abairt eile.
Chomh maith leis sin, bíonn daoine eile ag briseadh isteach ar a gcuid cainte an t-am ar fad. Bheadh sé thar a bheith leadránach a bheith ag éisteacht le ‘comhrá nádúrtha’ ar an stáitse. Bheadh sé an-deacair an dráma a thuiscint fiú.[2]
Is léir go mbíonn a lán oibre i gceist le dialóg a scríobh. Seo roinnt prionsabal a úsáideann drámadóirí agus scríbhneoirí scripte ina gcuid oibre:[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.