From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scannán oll-laochra Meiriceánach ón mbliain 2018 é Black Panther atá bunaithe ar an gcarachtar de chuid Marvel Comics den ainm chéanna.
Marvel Studios a léirigh an scannán agus Walt Disney Studios Motion Pictures a dháiligh é. Is é an 18ú scannán insan tsraith úd Marvel Cinematic Universe (MCU). Ba é Ryan Coogler an stiúrthóir, agus eisean a scríobh script an scannáin, in éineacht le Joe Robert Cole. Is iad na príomhaisteoirí sa scannán ná Chadwick Boseman mar T'Challa/Black Panther, Michael B. Jordan, Lupita Nyong'o, Danai Gurira, Martin Freeman, Daniel Kaluuya, Letitia Wright, Winston Duke, Angela Bassett, Forest Whitaker, agus Andy Serkis.
In Black Panther, filleann T'Challa go dtí Wakanda, a thír dhúchais, mar rí, ach tagann dúshlán dá údarás sa bhealach air ó shean-namhaid. Tá torthaí na coimhlinte sin le feiceáil go domhanda.
Cé nach sa todhchaí a thiteann an plota amach, luaitear an tAfra-Thodhchaíochas leis mar gheall go mbíonn an scannán fhicsin amhantrach seo ag plé le diaspóra mhuintir na hAfraice, agus le muintir na hAfraice féin, i gcomhthéacs teicneolaíochta thodhchaíche.[1][2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.