polaiteoir Gearmánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Gearmánach é Björn Höcke (rugadh 1 Aibreán 1972) agus ball de Alternative für Deutschland (AfD). In éineacht le Andreas Kalbitz, bhí Höcke ina cheannaire ar Der Flügel (Gaeilge: An Sciathán), faicsean de chuid an AfD, agus d'fhógair Oifig Chónaidhme Rialtas na Gearmáine um Chosaint an Bhunreachta gur antoiscigh den eite dheas iad. [1] [2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1972 52 bliana d'aois Lünen (an Ghearmáin) |
Member of the Landtag of Thuringia (en) | |
26 Samhain 2019 – Téarma parlaiminte: 7th legislative term of the Landtag of Thuringia (en) Toghcheantar: list of candidates of a German state (en) Toghadh i: 2019 Thuringian state election (en) | |
Member of the Landtag of Thuringia (en) | |
14 Deireadh Fómhair 2014 – 26 Samhain 2019 Téarma parlaiminte: 6th legislative term of the Landtag of Thuringia (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Landolf Ladig |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bonn - dlí-eolaíocht (1992–1993) Ollscoil Giessen Ollscoil Marburg |
Céim acadúil | Máistir Ealaíon |
Teanga dhúchais | an Ghearmáinis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Erfurt |
Gairm | múinteoir, polaiteoir, parliamentary group leader (en) |
Ball de pháirtí polaitíochta | Alternative for Germany (en) |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
12 Feabhra 2017 | 2017 German presidential election (en) |
Eile | |
Ciontaíodh i | Alles für Deutschland (fr) (2024) → (peine d'amende (fr) ) Alles für Deutschland (fr) (2024) → (peine d'amende (fr) ) |
Suíomh gréasáin | afd-bjoern-hoecke.de |
Rugadh Björn Höcke i Lünen, Westfalen. Bhí a sheantuismitheoirí i measc na nGearmánach díbeartha ón bPrúis Thoir. Ghnóthaigh sé a Abitur ag an Rhein-Wied-Gymnasium, Neuwied, sa bhliain 1991.[3]
Iarmhúinteoir staire is ea Höcke, agus é ag múineadh i Scoil Rhenanus, scoil chuimsitheach in mBad Sooden-Allendorf.[4]
Bhí Höcke ina bhall gearr-ama den Junge Union .[5]
Mar dhuine de bhunaitheoirí AfD Thuringia, rinneadh é ina Bhall de Thüringer Landtag, an comhthionól stáit de chuid Thuringia sa Ghearmáin, le linn Thoghcháin Stáit Thuringian 2014 .[6] Is urlabhraí é Höcke de ghrúpa parlaiminte an AfD agus an Thuringia Landesverband ( Gaeilge: Cumann Réigiúnach ) dá pháirtí. [7] Deirtear go bhfuil sé mar chuid de "sciathán coimeádach náisiúnta" an AfD. [8] Tugtar Der Flügel ar a fhaicsean den AfD agus aithníonn 40 faoin gcéad de bhaill an pháirtí AfD go bhful baint acu leis. [9]
I mí Mheán Fómhair 2019, bhagair Höcke "iarmhairtí ollmhóra" d'iriseoir de chuid an ZDF ( Zweites Deutsches Fernsehen) a dhiúltaigh agallamh a atosú tar éis sraith ceisteanna deacra agus tar éis dó a fhiafraí de chomhaltaí eile an pháirtí cé acu a tógadh sleachta éagsúla óna leabhar nó as Mein Kampf . [10]
Le linn toghchán stáit Thuringian 2019, mhéadaigh an AfD faoi cheannaireacht Höcke a sciar vótaí faoi cheannaireacht Höcke a dhúbailt go 23%, ag sárú an fhreasúra, 'Die Christlich Demokratische Union' (CDU), atá anois sa dara háit.
I mí na Samhna 2021, cuireadh ar ceal díolúine parlaiminte Höcke i Thüringer Landtag. Cuireadh ina leith gur chuir sé deireadh le hóráid i mí na Bealtaine le frása a d’úsáid an SA (Die Sturmabteilung) a bhfuil a úsáid mídhleathach faoin reachtaíocht. Ba é an frása ná "Alles für Deutschland“.[11] I Meitheamh 2023 cúisíodh Höcke. [12][13][14][15]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.