From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaitoir neamhspleách Éireannach é Barra Ó hÉanacháin (rugadh é sa bhliain 1997 nó 1998), tugtar Barry Heneghan air freisin. Tá sé ina Theachta Dála (TD) do thoghcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh ó olltoghchán 2024.[1]
Rinne Ó hÉanacháin staidéar i gColáiste Belvedere. Le linn a chuid ama ar scoil, bronnadh Duais Inbhuanaitheachta Zayed air as ceannródaíocht a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht fuinnimh, cumhacht gréine agus bailiú uisce báistí.[2]
Bhain Ó hÉanacháin céim Mháistreachta amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2022.
Ba é Ó hÉanacháin láithreoir an chláir Barragram ar TG4.
Tugadh protégé polaitiúil an iar-TD Neamhspleáigh Finian McGrath ar Ó hÉanacháin.
Toghadh Ó hÉanacháin ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath den chéad uair i dtoghchán Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2024 tráth a ndearna sé ionadaíocht ar son Chluain Tarbh.[3]
Bhí tacaíocht Finian McGrath aige in olltoghchán 2024 agus bhí sé ar dhuine de na hiarrthóirí ab óige a toghadh in aois a 26 bliana dó. [4] [5]
Dúirt Ó hÉanacháin sa bhliain 2024 go bhfuil sé mar aidhm aige rochtain ar úinéireacht tí a fheabhsú do dhaoine óga agus tacaíonn sé le sprioc go dtógfar suas le 60,000 teach nua sa chéad téarma eile. Mhol sé cur chuige nua-aimseartha, i measc rudaí eile; tithíocht mhodúlach, mar aon le cánacha méadaithe ar thithe folmha, mar straitéisí chun cur leis an soláthar tithíochta. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag Barra Ó hÉanacháin cearta feabhsaithe do dhaoine aonair faoi mhíchumas a chur chun cinn agus tacú le hathchóirithe san oideachas speisialta.
Deartháir leis an scríbhneoir agus láithreoir teilifíse Ciara Ní É é. [6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.