From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Bòrd na Gàidhlig an comhlacht neamhrannach poiblí de chuid Rialtas na hAlban atá freagrach as Gaeilge na hAlban a chur chun cinn.[1] Bunaíodh é sa bhliain 2005 le hAcht de chuid Pharlaimint na hAlban (a tháinig i bhfeidhm go luath in 2006) agus tá sé lonnaithe in Inbhir Nis.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht neamhrannach poiblí rialálaí teanga Gaeilge na hAlban |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 13 Feabhra 2006 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Líon fostaithe | 23 |
Cuid de | Rialtas na hAlban |
Suíomh gréasáin | gaidhlig.scot |
Tá ochtar ar an mbord stiúrtha, in éineacht le cathaoirleach (cathraiche) amháin. Tugann an bord stiúrtha “ceannaireacht, treorú, tacaíocht, agus comhairle” don Bhòrd agus don fhoireann a chuireann obair an Bhòrd i ngníomh ó lá go lá. Is é an ceannard (príomhfheidhmeannach) atá i gceannas ar an bhfoireann.[2]
In 2006, ceapadh Bòrd na Gàidhlig mar an comhlacht atá freagrach as Acht na Gàidhlig 2005 a chur i bhfeidhm, go sonrach, mar atá sé leagtha amach san Acht, “stádas na Gàidhlig a dhaingniú mar theanga oifigiúil de chuid na hAlban a bhfuil meas uirthi ar aon chéim le Béarla”. [3] Tá an Bòrd ina chuid lárnach de straitéis Rialtas na hAlban ar son na Gàidhlig faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.