Cuideachta Mheiriceá a tháirgeann ríomhairí (crua-earraí agus bogearraí), fóin phóca agus gairis ríomhaireachta eile From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhlacht leictreonaice tomhaltais é Apple Inc. atá lonnaithe i gCupertino, California, SAM. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhlacht i stair na ríomhaireachta.
Bhunaigh Steve Jobs agus Steve Wozniak an comhlacht i 1976. Bhí an-tionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith. Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977.
Ba í fhorbairt Lisa i 1983 a thaispeáin cumhacht an chomhéadain ghrafaigh don domhan.
Thug Apple isteach an Macintosh i 1984, ag forbairt an cur chun cinn a bhí déanta acu le comhéadan grafach a bhíodh cairdiúil don úsáideoir. Tá clú ar úsáideoirí Apple mar thomhaltóirí dílse.
D'fhulaing Apple faoin iomaíocht ó chórais a bhí comhoiriúnach le IBM le linn na 1990í. Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú.
I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. D'eisídís an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001 agus tá níos mó ná 100 milliún díolta ó shin.
Sheol Apple an iPhone i 2007. Guthán soghluaiste atá ann agus tá éileamh ollmhór air ar fud an domhain.
D'Athraíodh ainm an chomhlachta ó Apple Computer, Inc. go Apple Inc. ar an 9 Eanáir 2007 chun béim a leagan ar a margadh nua, leictreonaic tomhaltais.
Tá an díospóid chánach Apple - an tAontas Eorpach an t-agra dlí i gcoinne trusta is mór ar domhan riamh. Rialaigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2016 go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.[1]
Tá an cheist fós ina chogadh dearg idir an Coimisiún Eorpach, ar taobh amháin agus Apple agus Éire ar an taobh eile. Tá na himeachtaí dlí ag dul ar aghaidh i gcónaí i láthair na huaire (2023).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.