scríbhneoir agus scoláire liteartha Iodálach (1943-2012) From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scríbhneoir iomráiteach de chuid na hIodáile é Antonio Tabucchi (Pisa, 24 Meán Fómhair 1943- Liospóin, 25 Márta
2012). Rugadh agus tógadh Tabucchi san Iodáil. Rinne sé neart taistil thart fán Eoraip tar éis fágaint na scoile dó. Sna seascaidí agus é ag freastal ar an Sorbonne i bPáras chuir sé aithne ar shaothar an scríbhneora Phortaingéalaigh Fernando Pessoa, rud a raibh tionchar mór aige ar a shaol. D'fhoghlaim sé an Phortaingéilis le tuiscint níos fearr a fháil ar shaothar Pessoa agus ba shaineolaí é ar Pessoa. Chaith sé tréimhse i Liospóin, An Phortaingéil freisin agus bhí dúil mór aige sa tír sin, rud a mhunlaí a shaothar cruthaíoch. Rinne sé fhéin agus a bhean chéile iliomad aistriúcháin ar shaothar Pessoa. Scríbhneoir cruthaíoch torthúil ab ea é ann féin. Bhain sé an duais Francach Médicis étranger don leabhar Notturno Indiano agus an duais Campiello don leabhar Sostiene Pereira.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.