páirtí polaitíochta Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páirtí Éireannach ar dheis ar fad é An Páirtí Náisiúnta. Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Is é Seamus Mac Raghnaill an t-uachtarán.[1][2]
Mana | Ar dheis ar aghaidh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas coimeádachas sóisialta Éire Aontaithe frith-imirce economic nationalism (en) Náisiúnachas in Éirinn Eoraisceipteach gluaiseacht frith-ghinmhillte | ||||
Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 2016 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Justin Barrett | ||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | http://nationalparty.ie | ||||
Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Bhí seoladh eagraithe sa Merrion Hotel, ach chealaigh an t-óstán é.[3] Is as Contae Thiobraid Árann é Justin Barrett. Sna 1990idí, ghlac sé páirt in imeachtaí san Iodáil agus sa Ghearmáin, a bhíothas eagraithe le grúpaí ar nós Forza Nuova agus an Páirtí Daonlathach Náisiúnta.[4]
Is as an Longfort é Seamus Mac Raghnaill. Bhí sé ceangailte le Libertas agus an feachtas in aghaidh an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht i 2012.
Reáchtáil an páirtí a chéad Ard Fheis i mí na Samhna, 2017, sa Trump International Hotel, i nDún Beag i gContae an Chláir. Bhí timpeall le caoga i láthair. Bhí achrann ann nuair a mhaslaigh Seamus Mac Raghnaill daoine aeracha. Chosain Barrett an ráiteas, agus shiúil an aoi-spéicéir John Wilson amach agus fiúnach air.[5]
Deirtear gur pháirtí i bhfad amach ar an eite dheis é an Páirtí Náisiúnta.[6] Achoimríonn an páirtí a n-idé-eolaíocht ar a suíomh gréasáinː[7]
"Creidimid i muintir na hÉireann, an ceart maireachtála atá againn mar náisiún, ár gceart seilbh a rugadh ar ár dtír dhúchais, agus an ceart atá againn í a chosaint. Is í Éire aontaithe Éireannach saor í mar aidhm againn."
Bhí feachtas ar bun ag an Páirtí in aghaidh an ghinmhillte sna laethanta roimh an Reifreann ar an 8ú leasú ar an mBunreacht. Mhol Barrett, "Ba cheart pionós an bháis a chur ar aon dochtúir a dhéanann ginmhilleadh ar leanbh neamhbheirthe".
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.