From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba bhinse idirnáisiúnta um ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive é An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (BCII nó i mBéarla ICTY).[1][2] Bunaíodh an BCII chun freagairt d'imthosca áirithe na hIar-Iúgslaive mar bheart 'ad hoc' chun cur le hathchóiriú agus cothú na síochána.[3]
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | МТБЮ | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | binse ad-hoc cúirt idirnáisiúnta | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga oifigiúil | Béarla | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 25 Bealtaine 1993 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 31 Nollaig 2017 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
25 Bealtaine 1993 | United Nations Security Council Resolution 827 (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | 28 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uachtaránacht | Theodor Meron | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuid de | Yugoslav Wars (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | http://www.icty.org/ | |||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Dúnadh an BCII ar 31 Nollaig 2017.
Sa bhliain 1993, bhunaigh Rún 827 de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv (BCII) mar fhreagra ar shárú tromchúiseach ar an dlí daonnachta idirnáisiúnta a rinneadh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991, agus an bhagairt ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta a bhain leo.
Bhí an t-údarás ag an BCII ceithre catagóirí cionta a ionchúiseamh, a rinneadh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991:
D’fhreastail dlíodóir Éireannach, Maureen Harding Clark, mar bhreitheamh "ad litem' ar an mBinse Fiosrúcháin.
Dúnadh an BCII ar 31 Nollaig 2017. Chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le réiteach 1966 (2010) a glacadh an 22 Nollaig 2010, BCII a athsholáthair le Meicníocht Iarmharach a thógfaidh ceannas ar roinnt feidhmeanna den ICTY; Meicníocht na Náisiún Aontaithe do na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta (MICT i mBéarla) ainm na meicníochta. Bhí roinnt d’fheidhmeanna an Bhinse Coiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda tógtha ar lámh acu cheana féin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.