Planda luibheach ilbhliantúil san fhine Rosaceae, a fhásann i móinéir thais is ea Filipendula ulmaria, ar a dtugtar An t-airgead luachra[1] go coitianta in Éirinn.

Fíricí Gasta Sonraí, Is foinse é an tacsón seo de ...
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFilipendula ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata
Thumb
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demeadowsweet flower (en) Aistrigh agus meadowsweet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhfalacail Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Thumb
Speiceas is lú imní
UICN203433 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
GéineasFilipendula
SpeiceasFilipendula ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata
Maxim., 1879
Ainmníocht
BasainmSpiraea ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata
Dún

Sanasaíocht

Ciallaíonn an t-ainm ulmaria "leamhán", b'fhéidir i tagairt dá dhuilleoga aonair atá cosúil le duilleoga an leamháin (Ulmus). Tagann an t-ainm géineasach, Filipendula, ón Laidin filum, rud a chiallaíonn "snáth" agus pendulus, rud a chiallaíonn "crochta". Deirtear go gcuireann sé seo síos ar na tiúbair fhréamhacha a bhíonn ag crochadh go tipiciúil ar an ngéineas, ar fhréamhacha snáithíneacha.

Cur síos

Tá na gais 1-2 m ar airde, in airde agus fionnadh, idir dhearg agus corcra uaireanta. Na duilleoga bosach, díseanna duilleoigíní ag ailtéarnú le 5 phéire duilleog mór. Na bláthanna cúigphiotalach le seipil athfhillte bhánbhuí chumhra, ag déanamh maise neamhrialta foirceanta, agus na cairpéil casta go bíseach.

Tá bláthanna íogar, grástúil, buíbhán aige, cnuasaithe go dlúth le chéile i gcimeanna le craobhacha neamhrialta, a bhfuil boladh an-láidir, milis orthu.

Bláthaíonn siad ó thús an tsamhraidh go dtí tús an fhómhair agus tugann cineálacha éagsúla feithidí cuairt orthu, go háirithe cuileoga ón ngéineas Musca.[2]

Bíonn na bláthanna beag agus iomadúil, taispeánann siad 5 sheipil agus 5 pheitil le 7 go 20 stamens.[4] Tá na bláthanna beaga agus iomadúla, taispeánann siad 5 sheipil agus 5 pheitil le 7 go 20 staimín.[3]


Chuirtí i mbeoir is fíon é lena mblas a fheabhsú. Ina luibh, d'úsáidtí é i leighis pobail mar chéirín ar chnámh bhriste, chun bac a chur ar chlocha fuail, mar leigheas ar thinneas goile, duáin is scornaí, is riochtaí eile. Aigéad sailicileach ann, atá gaolmhar le haspairín.

Dáileadh

Thumb
An t-airgead luachra fiáin i Wharfedale, in aice le Conistone, Yorkshire Thuaidh, Sasana

Tá an t-airgead luachra coitianta ar fud na Breataine Móire agus na hÉireann i limistéir thaise agus tá sé ceannasach in eanaigh agus i gcoillte fliucha.[4][5]

Ta an planda dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice. Ní planda dúchasach é i Meiriceá Thuaidh, ach tá sé tugtha chun cineáil ansin. Fásann sé in áiteanna boga.

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.