From Wikipedia, the free encyclopedia
Achtaíodh Acht na bPríosúnach (Urscaoileadh Sealadach as Drochshláinte), 1913 ar 25 Aibreán 1913.,[1] nó an tAcht "Cat is Luch in Aghaidh a Chéile", mar a thugtar air.[2][3][4] Díríodh an dlí ar stailceanna ocrais a bhíodh á n-úsáid ag na sufraigéidí (sa chéad dul síos) agus iad i bpríosún,[5][6]
Cineál | Acht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe |
---|---|
Fógairt | Parlaimint na Ríochta Aontaithe |
Dáta foilsithe | 1913 |
Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Obair iomlán ar fáil ag URL | digitalarchive.parliament.uk… |
Leis an acht seo, scaoileadh saor as an bpríosún sufraigéidí a bhí ar stailc ocrais ar feadh tamaillín. Cheadaigh scaoileadh saor sealadach coinníollach do phríosúnaigh ar fhorais sláinte. Ansin athghabhadh iad tar éis dóibh téarnamh, chun an tréimhse a bhí fágtha dá bpianbhreith a chríochnú.
Tháinig an dlí i bhfeidhm in ionad iad a chothú in aghaidh a dtola, mar a dhéantaí roimhe sin. Ach thí an reachtaíocht neamhéifeachtach ar an iomlán, toisc gur mhinic a sheachain príosúnaigh scaoilte an athghabháil..Ina theannta sin, bhain an dlí ní ba mhó de thacaíocht an phobail do rialtas Asquith.[5]
Bhí éagsúlacht mhór ina dhiaidh sin sa tslí inar dhéileáil údaráis le príosúnaigh ar stailc ocrais, bíodh trí scaoileadh sealadach nó trí chothú in aghaidh a dtola.[7].
Baineadh úsáid as an reachtaíocht in Éirinn[8] agus in aghaidh náisiúnaigh.[9]
Tá an tAcht seo ar cheann de na reachtanna in Éirinn a choinnítear i bhfeidhm leis an Acht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2007[10] agus leis an Acht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2009.[11][12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.