Príomhbhóthar i dTuaisceart Éireann is ea an A1. Tosaíonn sé i lár Bhéal Feirste thart fá cheathrú míle siar ó Halla na Cathrach. Leanann sé frí dheisceart na cathrach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach go Fionn Achaidh, Dún Muirígh, agus ina ndiaidh sin go Cathair Lios na gCearrbach féin.

Fíricí Gasta Aitheantóir, Cuid de ...
Dún

Críochnaíonn an cúrsa cóngarach do Bhaile an Chláir i ndeisceart Chontae Ard Mhacha, ag an teorainn le contae na Poblachta, Contae Lú. As sin leanann an bóthar ar aghaidh go Baile Átha Cliath darb ainm an N1.

I láthair na huaire, is é an M1 an t-ainm don mhótarbhealach, a bhfuil ina sheachbhóthar leis an A1 ó lár Bhéal Feirste go Sprucefield, suite míle i ndiaidh Lios na gCearrbhach. As sin go ceann thart fá scór mhíle, tá carrbhealach dúbailte déanta fá choinne mhéid na tráchta ar an bhóthar seo is gnóthaí ar Éire.

Feabhsú

Téann an A1 thar Iúr Cinn Trá ar sheachbhóthar beag, ach tá an rialtas ó thuaidh ag súul go mbeidh an t-airgead curtha ar fáil dóibh ins na blianta beaga seo chugainn, agus go mbeidh siad in ann carrbhealach d’ardchaighdeán (le ceangail ar nós mótharbhealaigh srl) a dhéanamh in áit sheachbhóthar an Iúir síos go Dún Dealgan i gContae Lú. Cuirfidh an togra seo deireadh leis an tionscadal a bhí ag an dá rialtas, chun mótarbhealach/carrbhealach a dhéanamh idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.

Áiteacha ar an chúrsa

Féach freisin

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.