Ard-Rí na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Ard-Rí na hÉireann ba ea Áed mac Ainmuirech (bás 598), ball de Cenél Conaill d'Uí Néill an Tuaiscirt.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 598 (Féilire Ghréagóra) |
Ardrí na hÉireann | |
586 – 598 ← Báetán mac Ninnedo – Aodh Sláine, Colmán mac Baotáin → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | Maol Cobha mac Aodha, Domhnall mac Aodha, Conall Cú mac Aodha |
Athair | Ainmuire mac Sétnai |
Ainmuire mac Sétnai (died 569), iar Ard-Rí, ba ea a athair.[1][2] Bríg iníon Chobhthaigh, mhic Ailealla mhic Nath Í mhic Crimhthainn mhic Énnae Ceansalach.[3]
Bhí gaol i bhfad amach ag Aodh le Colm Cille d'Oileán Í. Mar fíor, ba dhlúth chairde iad. Is dócha gur iarr sé a adhmholadh nuair a fuair sé bás, agus gur bhronn sé tailte do Mhainistir Darú.[4]
Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Cineál Eoghain agus Cineál Conaill i ndeireadh na 6ú haoise.[5] Tháinig Aéd i gcoróin tamall tar éis bhás rí págánach deireanach na Teamhrach, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565). Le linn na tréimhse úd, ní soiléir é an raibh rí ruireach Uí Néill ann nó nach raibh.[6]
Is deacair é réimeas Aodha a scaradh amach ó shin a chol seisir níos sine, Báetán mac Ninnedo (bás 586). Tugtar achair éagsúla sna ríliostaí dá réimeas, a chuireann uile a thús roimh bhás Bhaotáin.[7] Tá an bheirt acu fágtha ar lár as an ríliosta is luaite, Buile Choinn, dán den 7ú haois, ach is dóigh gur dréacht bolscaireachta é seo.[8]
D'fhéadfadh é nach raibh Baotán ina ard-rí ar chor ar bith, ach gur tugadh an teideal dó ag bréag staraí níos deireanaí chun réimeas Báetán mac Cairill (bás 581) den Dál Fiatach mar ard-rí a cheilt.[9] Pé scéal é, an raibh Báetán ina rí na Teamhrach nó nach raibh, ba é Áed mac Ainmuireach a bhí i bhfíorcheannas i measc Uí Néill an Tuaiscirt.[10]
Tá fianaise ann gur bhuail sé le hAodhán mac Gabhráin, rí Dhál Riada, sa bhliain 575 ag Tionól Dhroim Ceat chun comhaontas a dhéanamh, is dóigh eagraithe ag a ghaol Colm Cille. Bhí Aodh agus Aodhán beirt faoi bhagairt rí Ulad, Baotán mac Cairill den Dál Fiatach, agus ba chun a leasa féin nach raibh an Dál Riada faoi cheannas Bhaotáin agus a chuid mianta. D'éirigh siad san iarracht sin.[11][12] Rinneadh ard-rí d'Aodh i ndiaidh sin, sa bhliain 576 b'fhéidir.[7]
D'fhéadfadh é mar tharla an tionól go dtí c, 587, an dáta de réir Annála Chluain Mhic Nóis.[13] Fuair Báetán mac Ninnedo bás sa bhliain 586, agus tuairiscítear dhá dháta báis le haghaidh Bhaotáin mhic Cairill i nAnnála Uladh, ceann amháin acu sa bhliain 587.[14]
Pléadh cúrsaí Osraige ag an tionól, rud a chuireann in iúl go raibh tionchar ar leith ag Áed sa Mumhain.[15]
Thug Colca mac Domhnaill de Chineál Eoghain a dhúshlán Áed. Throid siad ag, Cath Druim Meic Erce sa bhliain 580 agus maraíodh Colca.[16][17][18]
Sa bhliain 586, maraíodh Baotán mac Ninneadga ag Léim an Eich, spreagtha ag rí Uisnigh, Colmán Beag (bás 587), a bhí i mbun iarrata ar an ard-ríogacht; b'fhéidir é gur thug sé iarraidh eile uirthi sa bhliain 573.[19][20][21] Sa bhliain 587, fuair Aodh an lámh in uachtar nuair a maraíodh Colmán ag Cath Bhealach Daithí.[22][23][24]
Thug Fiachna mac Baotáin (bás 626) de Dál nAraidi a dhúshlán Áed. Sa bhliain 597, bhuaigh Fiachna Cath Shliabh Chua sa Mhumhain.[25][26] Bhí Cath buaite ag ríomhe sin in éadan na gCiannacht Bhreá sa bhliain 594.[27][28] D'fhéadfadh é gur rí na Teamhrach é an Fiachna le linn na 590idí.[29]
Bhí aighneas idir Aodh agus Brandub mac Echach Uí Chinnsealaigh, Rí na Laighean, a bhí i mbun chúngú Ui Neill a ruaigeadh. De réir an nóis Borúma Laigean, bhí Cummascach mac Aodha maraithe ag Brandubh, óir gur éiligh sé dul a luí le bean chéile Bhranduibh.[30][31] Insítear sna hannála gur mharaigh Brandubh Cumascach sa bhliain 597 ag Dún Buchat/Buiced (Dún Buaice).[32] Ag Cath of Dún Bolg sa bhliain 598 ámh, chloígh Brandubh Aodh agus mharaigh sé é.[33][34][35]
Tháinig Colmán Ríomhaí mac Báetán mhic Mhuircheartaigh de Cénel Eoghain i gcomharbacht ar Áed mar rí Uí Néill an Tuaiscirt. Theip ar Conall Cú mac Áedo (bás 604) ina iarracht ar an ard-ríogacht, ach níos deireanaí rinneadh ríthe ruireach Uí Néill an Tuaiscirt dá mhic, Máel Coba mac Áedo (bás 615) agus Domhnall mac Áedo (bás 642).[36]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.