Dlíodóir, gníomhaí ar son na timpeallachta agus iar-uachtarán na Slóvaice (2019-2024) is ea Zuzana Čaputová (a rugadh 21 Meitheamh 1973).[1] Bhí sí mar eiseamláir mhór do na daonlathaithe, fiú, sna blianta a raibh an lámh in uachtar ag an bpobalachas ann.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Zuzana Čaputová
(2019)
Beathaisnéis
Breith
(sk) Zuzana Strapáková 21 Meitheamh 1973 51bliana d'aois an Bhratasláiv
Thug Čaputová léas dóchais don tír tar éis na n-imeachtaí corraitheacha in 2018, nuair a dúnmharaíodh iriseoir óg, Jan Kuciak, tar éis dó tráchtaireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an mhaifia áitiúil a bhí gar go leor don rialtas ag an am.
Bhunaigh Zuzana Čaputová féin, i measc daoine eile, in 2018 na "Progresívne Slovensko" (An tSlóvaic Fhorásach).
Nuair a toghadh í in 2019, thaispeáin sí gur féidir le duine a bheith ina cheannaire láidir gan an crúibín cam agus gan ionsaithe drochbhéasacha a dhéanamh ar pholaiteoirí eile.
Bhí a buanna mar pholaiteoir le feiceáil go soiléir san fhómhar 2022, nuair a maraíodh beirt in ionsaí sceimhlitheoireachta ar chlub LADTA sa Bhratasláiv – gan aon mhoill, thug sí cuairt ar an áit agus rug sí barróg ar úinéir an chlub gan smaoineamh.[2]
Rinneadh bagairtí foréigin agus báis ar Čaputová go mhnic .Bhí polaiteoirí tábhachtacha ag gríosú an fhuatha, go háirithe ceannaire mór de chuid an fhreasúra, Robert Fico. Baineann Fico leas as dioscúrsa na bréagnuachta go comhfhiosach, ag cur i leith Čaputová gur gníomhaire rúnda de chuid na Stát Aontaithe nó de chuid George Soros í. Ag léirsiú amháin anuraidh, bhí feisire de chuid Smer – páirtí Fico – ag gríosú an tslua chun “striapach Mheiriceánach” a scairt amach, agus ní raibh Fico ach ag miongháire.[2]