Zú
From Wikipedia, the free encyclopedia
Páirc nó áit eile ina gcoinnítear ainmhithe, idir fhiáine nó cheansaithe, le taispeáint don phobal is ea zú, nó gairdín ainmhithe. Tagann an focal zú ón mBéarla, giorrúchán ó [London] Zoological Garden, an chéad zú ar domhan a bunaíodh ar son cuspóirí eolaíochta. Tháinig an zoo- in zoological as zōon (ζῷον, "ainmhí") na sean-Ghréigise.
Tá bailiúcháin ainmhithe ar eolas againn ó ríochtaí ársa na hÉigipte, na hAisiria, na Síne agus na nAstacach.