![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5e/WalterKohnGraz21042006_1.jpg/640px-WalterKohnGraz21042006_1.jpg&w=640&q=50)
Walter Kohn
fisiceoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisicí teoiriciúil a rugadh i Vín na hOstaire ar an 9 Márta 1923, a d'oibrigh i gCalifornia ab ea Walter Kohn. Cuireadh chun Sasana é sa Kindertransport sa bhliain 1933, agus ansin ar aghaidh go Ceanada mar a bhfuair sé a chuid oideachais go dtí 1948, bliain a thug sé faoi chlár dochtúireachta in Ollscoil Harvard. Bhí saoránacht Cheanadach aige ach d'éirigh sé aisti nuair a bhain sé saoránacht Mheiriceánach amach sa bhliain 1957. Giúdaigh a mhuintir agus cuireadh a thuismitheoirí chun báis san Uileloscadh.
Bhain an taighde is suntasaí a rinne sé le forbairt theoiric na dlúsfheidhme chun cur síos ar airíonna móilíní is a bpróiseas imoibrithe, agus ról na dóchúlachta sna cúrsaí sin. Le John Pople, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1998 as an saothar.
Fuair Kohn bás ar an 19 Aibreán 2016.