From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Vicipéid na hAlbainise (Albainis: Scots Wikipædia) an t-eagrán Albainise den chiclipéid shaor ar líne, An Vicipéid. Bunaíodh ar 23 Meitheamh 2005 é, agus shroich sé 1,000 alt ar dtús i mí Feabhra 2006, agus 5,000 alt i mí na Samhna 2010. Ó Mhí an Mhárta 2024, tá thart ar 35,000 alt ann.[1]
Teanga | An Albainis |
---|---|
Dáta cruthaithe | 23 Meitheamh 2005 |
Ceadúnas | Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) agus Ceadúnas Saorcháipéisíochta GNU |
Aibítir | aibítir Laidineach |
Staitisticí | |
Ailt | 34,567 |
Úsáideoirí cláraithe | 111,806 |
Riarthóirí | 3 |
Leathanaigh iomlána | 138,557 |
Comhaid áitiúla | 520 |
Vicipéid na hAlbainise |
I mí Lúnasa 2020, tarraingíodh aird ar an suíomh tar éis postáil ar Reddit a thug faoi deara go raibh líon ard alt sa vicí scríofa in ndroch-Albainis ag eagarthóir amháin, a bhí ina dhéagóir Meiriceánach. Ní raibh Albainis ar a thoil aige, agus ba léir ó ábhar na n-alt go raibh sé ag baint úsáid as foclóir Béarla-Albainis ar líne chun ailt Vicipéid Bhéarla a aistriú, gan aird a thabhairt ar ghramadach na hAlbainise. Chruthaigh an rannpháirtí seo breis is 23,000 alt, tuairim is an tríú cuid de Vicipéid na hAlbainise ar fad ag an am sin. Rinneadh cur síos ar na hailt seo mar "Béarla scríofa i gcanúint Albanach," le focail agus le litriú seafóideacha ann nach bhfuil le fáil in aon chanúint Albainise. [2][3][4]
Mar gheall ar an gconspóid, chuir Vicipéid na hAlbainise tús le hathbhreithniú ar a chuid alt le haghaidh míchruinneas teanga a cheartú, agus scriosadh go leor alt a bhí scríofa ag an eagarthóir óg.[5][6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.