Véineas as Willendorf
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Véineas as Willendorf, nó Bean as Willendorf,[1] ar dhealbh bheag, 11.1 cm ar airde, a fuarthas ar an 7 Lúnasa 1908 in Willendorf, baile beag san Ostair. Cruthaíodh an dealbh timpeall 29,500 bliain ó shin.
Fíricí Gasta Cineál, Dáta fionnachtana nó tionscnaimh ...
Cineál | dealbh agus fionnachtain seandálaíochta |
---|---|
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 7 Lúnasa 1908 |
Áit ar tháinig air/uirthi | Willendorf II (en) |
Tréimhse ama | Gravettian (en) |
Seánra | deilbhín Véineas |
Gluaiseacht | Ealaín Phailéiliteach |
Déanta as | aolchloch úilíteach |
Méid | 11.1 () cm |
Natural History Museum, Vienna (en) (Vín) |
Dún
Tá an dealbh déanta as úilít (aolchloch); níl úilít ar bith le fáil sa cheantar.[2] Meastar go mb'fhéidir go bhfuarthas an úilít in aice le Loch Garda.[3][4] Thángthas ar an saothar seo go domhain faoin talamh.[5]
B'fhéidir go bhfuil an bhean (nó an bandia) ag iompar clainne, nó b'fhéidir go bhfuil sí de chineál "Hotantatach".[6][7] Meastar gur le haghaidh searmanais reiligiúnacha nó draíochtúla a úsáideadh an dealbh seo.[8]