From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is vápáil[1] ann ná ‘mhanglaim nimhe a d’fhéadfadh leanbh a mharú’.[2] Tá iliomad blasanna galtoitíní[3] ann - blasanna neamúla atá dírithe ar dhaoine óga go háirithe. Tháinig an-tóir ar ghaltoitíní i dtús na 2010idí, mar tháirgí ionanálaithe nicitín. Ceapadh an focal Gaeilge sa bhliain 2014.[4]
De réir an Bhoird Taighde Sláinte, is dóichí faoi chúig go dtosóidh daoine a chaitheann galtoitíní, go dtosóidh siadsan thar dhaoine eile ag caitheamh tobac.[5] Do fhormhór na daoine a bhíonn ag vápáil faoi láthair, caitheann siad tobac nó chaith siad tobac, agus is dócha go ndéanfaidh vápáil níos lú dochar dóibh a dhéanann aistriú iomlán.
Nuair a úsáideann ógánaigh nicitín, tá sé in ann cur isteach ar na codanna sin den inchinn a rialaíonn aire, foghlaim, giúmar agus rialú ríge. Anuas air sin, tá sé in ann an seans go mbeifear tugtha do dhrugaí eile sa todhchaí a mhéadú. Agus tá vápáil nó ionanálú aon substaint in ann dochar a dhéanamh do na scamhóga agus don chonair riospráide.[6]
Sna 2020idí, áfach, tháinig ardú mór ar vápáil i measc páistí agus daoine óga. Nochtann sé seo iad do nicitín, substaint an-andúileach a bhféadfadh tionchar níos mó a bheith aici ar dhaoine óga ná ar dhaoine fásta. Níl galtoitín gan dochar ach an oiread, agus níl a fhios againn cad iad na tionchair fhadtéarmacha sláinte ó vápáil. Tá seans ann freisin go bhféadfadh roinnt daoine óga a bhíonn ag vápáil dul ar aghaidh chun tobac a chaitheamh.[7]
Sa bhliain 2022, bhí sé molta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly cosc a chur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine faoi ocht mbliana déag agus srianta a chur ar fhógraíocht galtoitíní. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Not Around Us spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.[8]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.