![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f3/Oval1.svg/langga-640px-Oval1.svg.png&w=640&q=50)
Ubhchruth
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is ubhchruth ann ná cuar iata i bplána atá ar dhéanamh uibhe (Béarla: oval, ón Laidin ovum 'ubh'). Ní téarma cruinn matamaiticiúil é, ach i réimsí áirithe (geoiméadracht theilgeach, líníocht theicniúil, srl.) tugtar sainmhíniú níos cruinne air. Go ginearálta, úsáidtear an téarma sa chiall is leithne: cruth ar bith a bhfuil cuma uibhe air. Tugtar ubhchruthóideach ar an leagan tríthoiseach d'ubhchruth.