![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/18/Bankomat_050421.jpg/640px-Bankomat_050421.jpg&w=640&q=50)
Uathmheaisín bainc
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é uathmheaisín bainc[1] an t-ainm oifigiúil ar na scipéid seirbhíse a chuirtear os comhair banc is i gcuid mhaith áiteanna eile chun gur féidir airgead a aistarraingt is seirbhísí bainc eile a fháil de lá is d'oíche. Is é ATM (ón ghiorrúchán Béarla) an gnáth-théarma i measc phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann.[2][3] Bíonn sé ceangailte le ríomhaire an bhainc chun gur féidir leis an gcustaiméar a chuntas a mhonatóiriú go díreach lena chárta is a uimhir aitheantais phearsanta (PIN).[4]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/18/Bankomat_050421.jpg/320px-Bankomat_050421.jpg)