From Wikipedia, the free encyclopedia
Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Bhaist Elon Musk 'X' ar an aip sa bhliain 2023, "an aip a dhéanann gach rud" dá réir seisean. Ach is deacair sean-nós a bhriseadh agus tá 'Twitter' i mbéal an phobail fós.
registration page (en) | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta comhphobal ar líne user-generated content platform (en) micreabhlagáil ardán ar líne an-mhór | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 21 Márta 2006 24 Iúil 2023 | ||||
Bunaitheoir(í) | Jack Dorsey, Noah Glass, Biz Stone agus Evan Williams | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
2022- | srian ar rochtain Cúis leis seo: international sanctions during the Russo-Ukrainian War (en) | ||||
28 Deireadh Fómhair 2022 14 Aibreán 2022-8 Iúil 2022 | acquisition of Twitter by Elon Musk (en) | ||||
Úsáideann sé/sí | Twemoji | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Oibreoir | X Corp. (en) (2023–) | ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Linda Yaccarino (en) (2023–) | ||||
Úinéir | X Corp. (en) (2023–) | ||||
Iar-ainm | |||||
Suíomh gréasáin | twitter.com | ||||
Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 280 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil nó tvuít, déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín". Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint.
Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California.