From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba í an Troisième République (Gaeilge: 'An Tríú Poblacht') an córas rialtais a bhí i bhfeidhm sa bhFrainc ón mbliain 1870 go dtí an bhliain 1940. Do bunaíodh an Tríú Poblacht i ndiaidh chliseadh na Fraince sa gcogadh idir an Fhrainc agus an Phrúis, rud a chur deireadh leis an Second Empire (Gaeilge: 'Dara hImpireacht na Fraince'), agus ba é Réimeas Vichy a tháinig i ndiaidh na Tríú Poblachta féin.
Troisième République | |||||
---|---|---|---|---|---|
Aintiún | La Marseillaise | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Páras | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 35,565,800 | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Dara hImpireacht na Fraince | ||||
Cruthú | 4 Meán Fómhair 1870 | ||||
Díscaoileadh | 10 Iúil 1940 | ||||
Á leanúint ag | Rialtas Vichy na Fraince | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Fraince | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | franc na Fraince |
An chéad chóras rialtais a raibh rath fadtréimhseach air sa bhFrainc ó thús Réabhlóid na Fraince sa mbliain 1789 ab ea an Troisième République. I gcaitheamh na mblianta a tháinig i ndiaidh thurnamh mhonarcacht na Fraince, do bunaíodh seacht gcóras rialtais sa bhFrainc: trí [[Monarcacht bhunna deacrachtaí a bhí agesna Francaigh teacht ar chóras rialtais buan soiléiriú ar bhraiteoireacht na hAssemblée nationale (Gaeilge: 'An Tionól Náisiúnta'), ónar theastaigh naoi mbliana - ón mbliain 1870 go dtí an bhliain 1879 - chun deireadh oifigiúil a chur leis an mbunreacht monarcachta a bhí i bhfeidhm roimh thús an Chogaidh Fhranc-Phrúisigh agus bunreacht nua, sin le rá an tríú bunreacht poblachta, a mholadh.
Is as bua na Prúise ar an bhFrainc a tháinig an Tríú Poblacht, agus is fé scáth an aighnis a bhí idir an Ghearmáin agus an Fhrainc a mhair an Phoblacht go dtí gur tháinig deireadh léi ar an 11ú lá d'Iúil sa mbliain 1940, lá ar dhein an Marascal Pétain chef de l'État français (Gaeilge: 'Ceann Stát na Fraince') dó féin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.