Trasphlandú orgán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is trasphlandú orgán ann ná aistriú orgáin nó fíocháin ó dhuine amháin chuig duine eile mar chóir leighis. Tá an duine atá ag déanamh an deonaithe beo. An duán is mó a bhíonn i gceist leis an gcineál seo deonaithe.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Logo_of_Human_Organ_for_Transplant_in_China.jpg/320px-Logo_of_Human_Organ_for_Transplant_in_China.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ea/Kidney_for_transplant_from_live_donor.jpg/640px-Kidney_for_transplant_from_live_donor.jpg)
Muna leathphéire comhionann leis an deontóir an faighteoir, spreagann an nódú seo frithghníomh imdhíonach, chomh dian go bhféadfaidh sé an fíochán trasphlandaithe a mhilleadh go hiomlán.
Tarlaíonn an frithghníomh seo de bharr próitéiní coimhthíocha a thabhairt isteach don fhaighteoir. Is féidir é a rialú a bheag nó a mhór le drugaí imdhíonathoirmiscthe, agus is lú é i gcomhréir dhíreach le dlúithe an ghaoil idir deontóir is faighteoir.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/03/Organ_transplantation_in_2012.png/320px-Organ_transplantation_in_2012.png)
Trasphlandaíodh na fíocháin is na horgáin seo go rathúil: fuil is fochoda na fola, smior cnáimhe, duán, ae, croí, is scamhóga i gcásanna cliseadh géar orgán.
Faightear fíochán le trasphlandú ó dheontóirí beo is corpáin chuí.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/35/Dr._Ehtuish_Performing_An_Organ_Transplant..jpg/220px-Dr._Ehtuish_Performing_An_Organ_Transplant..jpg)