Trasfhreagróir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is trasfhreagróir[1] ann ná gléas leictreonach a úsáidtear sa teileachumarsáid le freagra uathoibríoch a thabhairt do chomhartha réamhshocraithe. Go háirithe, tugtar trasfhreagróir ar ghléas atá ar bhord ar an eitleán, agus é ag freagairt ar an bhfiosrú a thagann ó stáisiún raidió an aerfoirt. An freagra a thugann an trasfhreagróir, is cuidiú é d'fhoireann an aerfoirt an t-eitleán a aimsiú agus an t-eolas riachtanach a thabhairt don eitleoir leis an eitleán a threorú.