Iar-shaighdiúir ba ea Tomás Ó Muirithe (a raibh Bromach ina Mhaol air mar leasainm) agus cónaí air i ndeisceart Thiobraid Árann. File áitiúil ba ea é agus Gaeilge na nDéise aige, ó ba í sin canúint an cheantair go léir ag an am.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1770 |
Bás | 18 haois |
Saol
Rugadh é sa dara leath den 18ú haois (timpeall na bliana 1770, b'fhéidir) agus bhí sé in Arm na Breataine sna 1790í. Rinne sé amhrán faoinar tharla dó agus é ag troid i Háítí.
Sa bhliain 1791 d'éirigh na daoir ghorma amach ann i gcoinne na bhFrancach, agus Toussaint Louverture mar cheannaire orthu. Thapaigh na Spáinnnigh agus na Sasanaigh an deis agus rinne ionradh ar an oileán, ach díbríodh iad nuair a rinne Louverture socrú leis na Francaigh. Bhí an Bromach ann mar chách ("mo ghunna in mo láimh agam is mé ag lámhach na bhfear dubh") agus tháinig sé slán as, murab ionann is mórán eile.
Bailíodh dhá leagan den amhrán, agus deir ceann acu:
- Ins na West Indies a crádh mé agus a chaill mé mo shláinte
- Ag siúl failltreacha fásach, coillte arda, agus cnoic,
- Na mílte agus na táinte á dtreascairt im' láthair
- Agus gan aon duine amhradh, ag gáire nó ag gol.
- Do thug mé naoi n-oíche gan slim ar mo thaobh dheas
- Ag lámhach púdair agus piléar, agus na spéireacha ar crith,
- Ní bíodh paidir ná cré againn ach blood an' 'ouns agus caortha
- Is gan smaoineamh ar naofacht ach faobhar agus fuil.
Chuaigh Ó Muirithe le fíodóireacht nuair a tháinig sé ar ais, agus tá léargas ar a aigne le fáil san agallamh véarsaíochta idir é féin agus file darbh ainm Mícheál Ó Laithearta: an Laitheartach á ghríosú chun aithrí a dhéanamh agus Ó Muirithe ag cur suas dó.
- Is Bromach gan pheaca atá maol mé,
- Do shiúlas-sa Éire faoi thrí
- Ag ól leanna agus ag mealladh gach spéirbhean
- Is gur dóigh liom gur aerach mo shlí.
- Diúltaím do chomhairlese a dhéanamh
- Is níl maith ar bith aige aoinne a bheith liom
- Is dem aiste ní stadfad go n-éagfad
- Agus go sínfear mo thaobh deas san úir.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.