Tointeálaí spáis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Feithicil lainseála inathúsáidte is ea tointeálaí spáis, le foireann ar bord de ghnáth. Lainseáil NASA an chéad cheann i 1981, agus lainseáil an tAontas Sóivéadach ceann i 1988.
Iompraíonn tointeálaí spáis na Stát Aontaithe suas le seachtar foirne is timpeall 25 tonna pá-lasta, agus is féidir leis eitilt ar feadh coicíse. Soitheach ardaithe deilte-eiteach atá ann, le príomhinneall, umar seachtrach breosla atá inchaite thar bord, agus dhá roicéad threisithe cúnta le breosla soladach.
Tháinig deireach leis an clá NASA sa bhliain 20111. Lainseáladh iad an iliomad uair chun satailítí a lainseáil is a dheisiú, turgnaimh a dhéanamh, Spacelab a iompar, agus spásárthaigh a fháil ar ais óna bhfithisí.