Toghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023
From Wikipedia, the free encyclopedia
I Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús mí Eanáir 2023, bhí Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua, nó Spéicéir, a thoghadh. Cé go raibh tromlach acu sa Teach, ní raibh siad ar dtús in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, ach d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh. Ní bhfuair sé ach 201 tar éis ocht vóta.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Tréimhse ...
Cineál | Speaker of the United States House of Representatives election (en) |
---|---|
Tréimhse | 3 - 7 Eanáir 2023 |
Dáta na bliana | 3 Eanáir 2023 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Oifig le buachan | Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe |
Iarrthóir | Hakeem Jeffries (212) Andy Biggs Jim Jordan Byron Donalds (en) Kevin Hern Donald Trump |
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Kevin McCarthy (216) |
Dún
Bhí fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne. Bhí obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn.[1]
Faoi dheireadh, bhí an lá ag McCarthy sa 15ú bhabhta.