Tianjin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cathair agus bardasacht neamhspleách ar mhachaire oirthuaisceart na Síne í Tianjin (Sínis: 天津 ; hanyu pinyin: Tiānjīn; litriú traidisiúnta an chórais phoist: Tientsin). Tá Tianjin ar cheann de na ceithre chathair sa tír atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta agus nach cuid de chúigí iad (amhail roinnt chathracha na hÉireann, ach go bhfuil ceantracha tuaithe sách fairsinge sna bardasachtaí neamhspleácha sa tSín). Tá Bardasacht Tianjin ag críochantacht le Bardasacht Béising ar an taobh thiar-thuaidh, le Murascaill Bohai ar an taobh thoir, agus le Cúige Hebei ar gach taobh eile. Is í Tianjin an séú cathair is mó sa tír úd agus an cúigiú ceantar uirbeach is mó d’achar ann, i ndiaidh Béising, Shanghai, Guangzhou, agus Shenzhen. Tá an chathair Tianjin suite timpeall is 92 míle slí (150 km) ó dheas soir ó Bhéising. Tá calafort tábhachtach ag Tianjin ar an mBohai. Tá isteach is amach le deich milliún duine ar fad ina gcónaí in Tianjin.
Tianjin | |||||
---|---|---|---|---|---|
天津 (zh) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne | ||||
Príomhchathair | Ceantar Hexi, Tianjin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 13,866,009 (2020) | ||||
• Dlús | 1,163.26 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | North China (en) | ||||
Achar dromchla | 11,920 km² | ||||
Airde | 5 m | ||||
Pointe is airde | Jiushan Peak (en) (1,078 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | T'ien-ching (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | People's Government of Tianjin Municipality (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Tianjin Municipal People's Congress (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 140,837 ¥ (2020) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 300000–301900 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 22 | ||||
Cód ISO 3166-2 | CN-TJ agus CN-12 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | tj.gov.cn |
Tá cathair Tianjin suite ar bhruacha na Hai He, abhainn atá ceangailte le dhá abhainn mhóra na Síne, an Iaing-tsí agus an Huang He, tríd an Chanáil Ríoga. Tá calafort Tianjin ar an mBohai, ar chuid den Mhuir Bhuí agus den Aigéan Ciúin é, achar áirithe ón gcathair féin. Bhíodh lámhaltas trádála ag roinnt tíortha eachtrannacha in Tianjin le linn an ríshleachta Qing dhéanaigh agus faoi réimeas luath an Kuomintang sa 20ú haois.