From Wikipedia, the free encyclopedia
Clár teilifíse Meiriceánach is ea '''The Diplomat''', a tháinig amach ar Netflix don chéad uair ar Netflix sa bhliain 2023.
Séanra | dráma teilifíse agus political thriller (en) |
---|---|
Príomhábhar | Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Ríochta Aontaithe |
Suíomh scéalaíochta | Londain |
Cruthaitheoir | Debora Cahn |
Aisteoirí | |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bunteanga | Béarla |
Bealach teilifíse | Netflix |
Fad na n-eipeasóidí | 56 min |
An chéad eipeasóid | 20 Aibreán 2023 |
Líon séasúr | 2 |
Líon eipeasóidí | 14 |
Tuilleadh eolais | |
Is iad na príomcharachtair an tAmbasadóir Kate Wyler (Keri Russell) is a fear céile, an tIar-Ambasadóir Hal Wyler (Rufus Sewell). Tá siad i bhformhór mór na radharcanna.
Ag tosach an chéad ghála címid ionsaí ar iompróir aerárthaí de chuid na Ríochta Aontaithe i Murascaill na Peirse. Tá an lasair sa bharrach. Tá gach n-aon ar tinneall agus óir nach bhfuil aon Ambasadóir ag na Stáit Aontaithe sa Ríocht Aontaithe caitheann an tUachtarán ceapachán tapaidh a dhéanamh. Taidhleoir í Kate Wyler le blianta agus í ar tí tabhairt faoi phost casta, tábhachtach san Afganastáin.[1]
Taidhleoir cumasach, glic, sleamhain ba ea an tIar-Ambasadóir Hal Wyler tráth ach bhí a shlí achrannach féin aige a chuir pip is drochmhianach ar dhaoine. Tá sé gan post anois agus é i ról “na mná céile”. Le cúraimí a dhéanamh níos casta fós tá pósadh na beirte ar tí titim as a chéile agus tá an tUachtarán ag cuimhneamh ar Kate a cheapadh mar Leas-Uachtarán. Slogann pósadh na beirte cuid shuntasach den saothar agus cé go bhfuilid ag caitheamh achasán ar a chéile is léir go bhfuil gean acu ar a chéile go fóill.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.