Teangacha Tungusacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fine teangacha iad na teangacha Tungusacha[1] agus iad á labhairt sa Mhanchúir agus in oirthear na Sibéire. De réir teoiricí áirithe, is cuid de na teangacha Altaecha iad, ach le fírinne, is iomaí teangeolaí a shíleann inniu nach bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann ar aon nós agus na teangacha Altaecha; thairis sin, is deacair teacht ar bheirt theangeolaithe a bheadh ar aon fhocal faoi na teangacha ba chóir a rangú san fhine "Altaech". Mar sin, is fearr dearcadh ar na teangacha Tungusacha mar fhine neamhspleách.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
Cóid | |
ISO 639-5 | tuw |
ISO 639-6 | tugu |
Glottolog | tung1282 |
Linguasphere | 44-C |
Linguist List | tung |
IETF | tuw |
Teangacha táite greamaitheacha iad na teangacha Tungusacha, is é sin, cuirtear iarmhír i ndiaidh iarmhíre leis na focail le foirmeacha gramadúla a chruthú; cuid de na teangacha seo tá córas casta tuiseal acu, agus iarmhíreanna éagsúla ag na briathra freisin le haimsirí is le gnéithe a chur in iúl.
Athraítear dhá phríomhchraobh i gcrann ginealais na dteangacha Tungusacha, mar atá:'
- an chraobh thuaisceartach: an teanga Evenki (an Tungúisis sa chiall chúng), an teanga Even (nó an Lamúitis), an teanga Oroqen (a labhraítear i gCúige Heilongjiang sa tSín), an teanga Negidal (i gCian-Oirthear na Rúise). Tá canúintí eile fós, ar deacair a rá fúthu cé acu teangacha neamhspleácha nó canúintí de chuid na dteangacha Evenki, Even, Oroqen nó Negidal iad.
- an chraobh dheisceartach, agus í féin roinnte ina dhá fochraobh, mar atá, na teangacha Tungusacha Oir-Dheisceartacha agus na teangacha Tungusacha Iar-Dheisceartacha (nó na teangacha Manchúracha). Is í an teanga Nanai (nó Goldi) an ceann is tábhachtaí san fhochraobh Oir-Dheisceartach. Maidir leis an gcraobh eile, is iad an teanga Jurchen (an tsean-Mhanchúiris), an Mhanchúiris (Chlasaiceach) agus an teanga Sibo nó Xibe na teangacha is tábhachtaí inti.
Teangacha nó canúintí beaga iad na teangacha Tungusacha go léir inniu. Go tipiciúil, ní bhíonn ach cúpla dosaen, cúpla céad nó cúpla míle duine á labhairt, agus cuid mhór acu ag saothrú an bháis. Is iad an teanga Xibe (tríocha míle cainteoir i Xinjiang), an teanga Evenki (timpeall ar 29 míle, ach níl cónaí orthu go léir in aon tír amháin, agus tá difríochtaí móra idir na canúintí) agus an teanga Even (seacht míle cainteoir) na teangacha "móra" san fhine seo. Tá an Mhanchúiris féin ag dul in éag inniu, cé go raibh ról mór aici i stair na Síne Impiriúla.
Is iad an teanga Jurchen agus an Mhanchúiris an t-aon dá theanga a bhfuil traidisiún fada liteartha acu. Le fírinne, níl sa teanga Jurchen ach leagan seanársa den Mhanchúiris.