![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/NLW_GrosMorne1_tango7174.jpg/640px-NLW_GrosMorne1_tango7174.jpg&w=640&q=50)
Talamh an Éisc (oileán)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Oileán mór ar imeall thiar an Aigéin Atlantaigh is ea Talamh an Éisc (Béarla: Newfoundland, Fraincis: Terre-Neuve). Tá an t-oileán suite i gcúige Thalamh an Éisc agus Labradar, i gCeanada.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Labhraítear trí theanga ar an oileán maorga seo - mar atá - Gaeilge, Béarla agus an Fhraincis. Faigheann an t-oileán a ainm ó iascairí Éireannacha a raibh eolas acu ar an oileán le fada an lá. Chuir a lán Éireannach fúthu san oileán seo i dtús an chéid seo caite agus sa réim timpeall na príomhchathrach, Baile Sheáin. Le fada an lá, ba í an Ghaeilge an teanga ba choitianta a d'airítí á labhairt i gceantair áirithe ar an oileán. Ar 3 Meitheamh 1948 bhí olltoghchán ann agus léirigh na daoine gur mhian leo ceangal buan le Ceanada a bheith acu. Rinneadh cúige de chuid Cheanada de ar an 3ú lá de mhí Mhárta 1949.[1] Le himeacht ama tháinig meath ar an méid Gaeilge, Gàidhlig agus Fraincise a bhí á labhairt ann. Sa lá atá inniu ann, is é an Béarla an phríomhtheanga a labhraítear ar an oileán.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/NLW_GrosMorne1_tango7174.jpg/640px-NLW_GrosMorne1_tango7174.jpg)