Túr Bháibil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is parabal i Leabhar Gheineasas é scéal Thúr Bháibil[1][2] (Eabhrais: מִגְדַּל בָּבֶל, Mīgdal Bāḇel; Gréigis: Πύργος της Βαβέλ; Laidin: Turris Babel) a mhíníonn cén fáth a labhraíonn daoine go leor teangacha éagsúla.[3][4][5][6]
Fíricí Gasta Cineál, Tréith ...
Cineál | scéal sa Bhíobla, téama ealaíne, móitíf scéalaíochta agus miotas bunaidh |
---|---|
Tréith | |
Príomhábhar | Túr Bháibil, teanga, húbras, aontacht agus anord |
Suíomh scéalaíochta | Túr Bháibil |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | Geineasas 11 |
Dún
Ag tús an scéil, labhair an cine daonna an teanga chéanna ar fud an domhain. Tháinig siad anoir go dtí tír Shionár (שִׁנְעָר), agus d'aontaigh siad go dtógfaidís cathair ansin, chomh maith le túr “agus a bharr ag baint neimhe amach in airde” (Geineasas 11:4). Chonaic an Tiarna an chathair agus an túr, agus dá bharr sin, rinne sé “cíor thuathail dá dteanga... i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.” (11:7), ansin chuir sé fán orthu ar fud an domhain (11:8).