Tóras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa gheoiméadracht, is dromchla imrothlaithe é tóras , taoschnó a thugtar air sa ghnáthchaint, a ghintear trí chiorcal a imrothlú i spás tríthoiseach thart ar ais atá ar comhphlána leis an gciorcal. Mura ndéanann an ais imrothlaithe teagmháil leis an gciorcal, bíonn se i bhfoirm fáinne ag an dromchla agus tugtar tóras imrothlaithe air. Má tá an ais imrothlaithe tadhlaíoch leis an gciorcal, is tóras adhairce é. Má théann an ais imrothlaithe dhá uair tríd an gciorcal, is tóras fearsaide é an dromchla. Má théann an ais imrothlaithe trí lár an chiorcail, is tóras díchineálach é an dromchla, sféar déchlúdaithe. Mura ciorcal é an cuar imrothlach, is cruth gaolmhar é an dromchla, toróid.
Fíricí Gasta Cineál, Dual-luach Euler ...
Samhail 3T | |
Cineál | surface of revolution (en) , dromchla, closed manifold (en) , genus g surface (en) , compact Riemann surface (en) , cruth agus geometric primitive (en) |
---|---|
Dual-luach Euler | 0 |
Sraith | |
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Torus |
Dún