Tíotán (gealach)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn, agus é ar an dara gealach is mó sa ghrianchóras ar fad. Is é Tíotán an t-aon ghealach amháin a bhfuil atmaisféar substaintiúil aici, rud a choinnigh a dhromchla ceilte ar na réalteolaithe ar feadh i bhfad. Nítrigin, N2, is mó atá san atmaisféar (98.4%). Tá an fuíoll comhdhéanta as an meatán CH3 agus as hiodracarbóin eile, chomh maith le comhdhúile simplí hidrigine, nítrigine agus carbóin (cianaigin C2N2, abair, nó ciainíd hidrigine, HCN). Mar gheall ar dhlúithe an atmaisféir, is é an t-aon rinn néimhe sa ghrianchóras seachas an domhan ar a bhfuil aibhneacha, lochanna agus mara gníomhacha ar a dhromchla. Tá na gnéithe seo déanta as na hiodracarbóin céanna is atá an atmaisféar.
Tíotán | |
---|---|
Cineál | gealach de chuid Satairn agus gnáthghealach |
Fionnachtaí | Christiaan Huygens[1] |
Dáta fionnachtana | 25 Márta 1655 |
Eapainm | Tíotán |
Réad tuismitheora | Satarn |
Sonraí fithiseacha | |
Apaipsis | 1,257,060 km |
Pearaipsis | 1,186,680 km |
Ais mhór a | 1,221,870 km |
Éalárnacht e | 0.0288 |
Tréimhse fhithiseach P | 15.945421 d |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Ga | 2,574 km |
Mais | 134.518 Yg[2] |
Meándlús | 1.8798 g/cm³[2] |
Ailbéideacht | 0.22 |
Le cuid |
Tá Tíotán 50% níos mó ná ár nGealach féin ar trastomhas, agus 80% níos troime ná í. Is é Ganymede an t-aon satailít nádúrtha amháin sa ghrianchóras a sháraíonn méid Tíotán, agus tá Mearcair níos lú ná Tíotán, cé go bhfuil sé níos troime. Ba é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a chuir an chéad sonrú riamh i dTíotán, thiar sa bhliain 1655.