Tástáil Mantoux
From Wikipedia, the free encyclopedia
Instealladh úisc a ullmhaítear ó bhachaillíní eitinne sa chraiceann is ea an Tástáil Mantoux. Is tomhas é frithghníomh an chraicinn dó ar fhreagairt imdhíonach na colainne don eitinn. Nuair a bhíonn sí dearfach, is comhartha é go bhfuil eitinn ar dhuine, nó go raibh, nó go bhfuair sé vacsaín ina coinne.