Is foirm den tsíciteiripe atá i gceist le síocanailís[1][2][3] a chruthaigh an néareolaí ón Ostair Sigmund Freud. Teoiric is cleachtadh cliniciúil sa bhfoirm síceolaíochta a leagann béim ar na gnéithe neamh-chomhfhiosacha de bheatha mheabhrach an duine.

Thumb

Stair

Sa chóireáil, arbh é Freud an ceannródaí inti, déantar iarracht deireadh a chur le comhrac trí phearsantacht duine a athrú i dtreo dearfach. Thug Freud an coincheap isteach chun feidhm a bhaint as brionglóidí duine le tuiscint níos fearr a fháil ar na mothúcháin is doimhne aige. Leag sé béim ar staidéar inbhreithnitheach an duine féin.

Thumb
Sigmund Freud, 1905

Thairg sé Freud, Alfred Adler is Jung moltaí ar na próisis shíceolaíocha normálta is mhínormálta.

Bunaíodh an chéad Chumann Sícanailíse san Ostair, ach de réir a chéile d'éirigh an tsícanailís i bhfad níos cumasaí údarásaí sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip.

Na laigí

Seo na laigí a bhaineann le síocanailís a úsáid leis an dúlagar a chóireáil:

  • Tá an teiripe ag brath ar chuimhní an chliaint ar aois an pháiste – is féidir iad seo a bheith míchruinn nó curtha as a riocht, rud ar a dtugtar ‘bréagchuimhní”[4].
  • Tá am de dhíth leis an tsíocanailís a dhéanamh thar thréimhse fhada ama, mar sin de tá sé costasach cionn is gur féidir go mbeidh a lán seisiún i gceist sula mothaíonn cliaint go bhfuil siad ag éirí níos fearr.[5]

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.