![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2e/Sao_Tome_and_Principe_on_the_globe_%2528Africa_centered%2529.svg/langga-640px-Sao_Tome_and_Principe_on_the_globe_%2528Africa_centered%2529.svg.png&w=640&q=50)
São Tomé agus Príncipe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír oileánda i Murascaill na Guine is ea São Tomé agus Príncipe agus í suite amach ó chósta na hAfraice Meánchiorclaí. Tá dhá oileándra timpeall Oileán São Tomé agus Oileán Príncipe agus iad tuairim is 140 ciliméadar ó chéile.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
República Democrática de São Tomé e Príncipe (pt) ![]() | |||||
|
|||||
Aintiún | Independência total ![]() | ||||
Mana | «Unidade, Disciplina, Trabalho» «Unity, Discipline, Labour» «Единство, дисциплина, труд» «Undod, Disgyblaeth a Llafur» ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | São Tomé ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 204,327 (2017) ![]() | ||||
• Dlús | 204.12 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Phortaingéilis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice ![]() | ||||
Achar dromchla | 1,001 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Atlantach ![]() | ||||
Pointe is airde | Pico de São Tomé (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Atlantach (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Portuguese São Tomé and Príncipe (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 12 Iúil 1975 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | government of São Tomé and Príncipe (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Asamblea Nacional de Santo Tomé y Príncipe (en) ![]() ![]() | ||||
• President of São Tomé and Príncipe (en) ![]() ![]() | Carlos Vila Nova ![]() | ||||
• Príomh-Aire São Tomé agus Príncipe ![]() | Patrice Trovoada (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 526,653,791 $ (2021) ![]() | ||||
Airgeadra | dobra São Tomé agus Príncipe ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .st ![]() | ||||
Glaochód | +239 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 ![]() | ||||
Cód tíre | ST ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | saotome.st ![]() |
Ní raibh daoine ina gcónaí ar na hoileáin nuair a tháinig na Portaingéalaigh trasna orthu. Bhí na Portaingéalaigh ag lonnú orthu ar feadh an 16ú haois agus bhí tábhacht leis na hoileáin i dtaca le trádáil sclábhaithe an Aigéin Atlantaigh. Bhí geilleagar na n-oileán ag brath go mór ar na sclábhaithe sin, mar b’fhurasta siúcra, agus barraí margaidh ar nós caife agus pónairí cócó ina dhiaidh sin, a shaothrú ann de bharr na hithreach méithe bolcánaí agus na haeráide trópaicí.
Bhí achrann agus corraíl ann sa 19ú agus sa 20ú haois agus geilleagar míshocair. Baineadh neamhspleáchas amach go síochánta in 1975, agus tá an tír ar na tíortha is socra agus is daonlathaí san Afraic fós.
Tá daonra de 199,910 (2016) ag São Tomé agus Príncipe agus dá bhrí sin tá sí ar an dara tír Afracach is lú i ndiaidh na Séiséal agus ar an tír Phortaingéilise is lú. De shliocht Afracach agus measctha an chuid is mó den phobal, agus tá a bhformhór ina gCaitlicigh.