From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhdhúile ceimiceacha sintéiseacha orgánafluairín iad substaintí sárfhluarailcile agus polafhluarailcile (SSPF) (Béarla: perfluoroalkyl and polyfluoroalkyl substances, PFAS, PFASs nó fiú PFASanna) a bhfuil adaimh iolracha fluairín acu ceangailte le slabhra ailcile. Tá na mílte SSPF ann[1] ach tá ar a laghad earra sárfhluarailcile amháin iontu,–C n F 2n –. [2][3][4]
De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE): [5][6]
PFASs are defined as fluorinated substances that contain at least one fully fluorinated methyl or methylene carbon atom (without any H/Cl/Br/I atom attached to it), i.e. with a few noted exceptions, any chemical with at least a perfluorinated methyl group (–CF3) or a perfluorinated methylene group (–CF2–) is a PFAS.
Is substaint thocsaineach iad na SSPF[7] agus is guais don tsláinte iad.[8] Tá an leathré an-fhada ar fad agus mar sin tugtar "truailliú buan"[9] orthu. Agus na SSPF ag carnadh go deo, foilsíodh taighde ar an 2 Lúnasa 2022 ag fógairt go bhfuil na SSPF ag éirí uileláithreach timpeall an domhain.[10] Níor tuigeadh go maith na contúirtí roimh na 2020idí. Ach anois tá feachtais ann le daoine a chur ar an eolas faoi na SSPF.
Tá an tSaotharlann Stáit ag tacú leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faireachán a dhéanamh ar na SSPF in Éirinn. Mar shampla, déanann sí anailís ar na samplaí éisc chun a shuí an bhfuil aon substaintí SSPF iontu, chun tacú le clár nua faireacháin bithraí in uiscí dromchla intíre.[11]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.