Star Trek: The Original Series
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith theilifíse ficsin eolaíochta Mheiriceánach ab ea Star Trek, a dtugtar Star Trek: The Original Series (nó ST:TOS) uirthi inniu (le hí a idirdhealú ó na sraitheanna eile a tháinig sna sálaí aici, agus iad bunaithe ar an gcoincheap céanna).
- Príomhalt: Star Trek
Craoladh an Original Series ar NBC sna blianta 1966-1969. B'é Gene Roddenberry a chum is a cheap an tsraith agus an ollchruinne ina raibh sí suite. Léiríodh naoi n-eipeasóid is dhá scór san iomlán. Cé nár éirigh ach go measartha leis an tsraith nuair a chuaigh sí ar an aer an chéad uair, áirítear í ar ceann de na sraitheanna is mó ratha i stair na teilifíse inniu. Chuir sí bun le cúig shraith eile a bhí suite san ollchruinne chéanna, chomh maith le deich scannán agus na céadta leabhar. Thairis sin, tá na milliúin móidíní ag an Star Trek ar fud an domhain.
Is éard a bhí i gceist leis an Star Trek ná eachtraí an spásárthaigh úd U.S.S. Enterprise sa 23ú haois a ríomh is a reic. Spáslong de chuid an Réaltchabhlaigh (Starfleet) a bhí inti, is é sin, spásloingeas Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad (United Federation of Planets), a raibh an Domhan s'againn ina bhallphláinéad de. De réir an bhrollaigh a chloistear i dtús gach eipeasóide, b'í ba mhisean don Enterprise ná:
- aithne a fháil ar domhan nua aisteacha,
- beatha nua agus sibhialtachtaí nua a fhionnadh,
- aghaidh a thabhairt ar an áit nár tháinig aon duine go fóill.