![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2b/O%2527Connell_Street_from_Nelson%2527s_Pillar_in_1964.jpg/640px-O%2527Connell_Street_from_Nelson%2527s_Pillar_in_1964.jpg&w=640&q=50)
Sráid Uí Chonaill
bóthar i mBaile Átha Cliath / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Sráid Uí Chonaill (Béarla: O'Connell Street) príomhshráid Bhaile Átha Cliath. Tá sí naoi méadar is dhá scór (céad is trí scór troigh) ar leithead ag a deireadh theas, sé mhéadar is dhá scór (céad is deich dtroithe is dhá scór) ag a deireadh thuaidh, agus í leathchiliméadar (nó míle sé chéad go leith de throithe) ar fad. Is é an t-ainm a bhí ar an tsráid go dtí an bhliain 1924 ná Sráid Sackville (leis an litriú Saicfil), nó Sackville Street as Béarla. Fuair an tsráid a hainm nua ó Dhónall Ó Conaill, Fuascailteoir na gCaitliceach in Éirinn. Tá deilbh an Fhuascailteora ina seasamh ag deireadh íochtair na Sráide, agus a haghaid le Droichead Uí Chonaill.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Dónall Ó Conaill ![]() | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Baile | Baile Átha Cliath ![]() | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 1808 |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/13/O%27Connell_Monument_top_closeup_1.jpg/640px-O%27Connell_Monument_top_closeup_1.jpg)