Spéirthumadóireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is spéirthumadóireacht[1] ann ná titim go saor ó aerárthach go dtí airde timpeall 600 m, agus uaidh sin titim le paraisiút chun teacht i dtír.
Cineál | eitlíocht agus spórt aeir |
---|
Uaireanta, déanann an parasiútaí cleasanna le linn na saorthitime. Uaireanta eile in imeachtaí foirne, déanann an fhoireann patrúin éagsúla ag coinneáil greim láimhe ar a chéile.
Mar spórt, titeann an t-iomaitheoir go saor faoin domhantarraingt trí 1,000 m nó mar sin roimh oscailt an pharaisiúit, de ghnáth timpeall 750 m in airde.
Bíonn an t-iomaitheoir ag iarraidh tuirlingt taobh istigh d'fhairsinge réamhshocraithe targaide. Aerloingseoir Francach, André-Jacques Garnerin (1769-1823), a rinne an chéad tuirlingt le paraisiút i bPáras i 1787 tar éis a bheith scaoilte as balún.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.