Soilse tráchta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith soilse daite ag gabhal bóithre is ea soilse tráchta, chun sruth na tráchta a rialú, go mór mór ag crosairí gnóthacha. Crochtar os cionn an chrosaire nó ar thaobh an bhóthair iad.
Leanann na soilse tráchta an patrún céanna anois ar fud an domhain:
- solas glas a chiallaíonn go bhfuil sé sábháilte tiomáint ar aghaidh,
- solas ómra a chiallaíonn gur gá stopadh, agus
- solas dearg a chiallaíonn gur gá fanúint i do stad mar nach bhfuil sé sábháilte tiomáint ar aghaidh.
Faoi seo, bíonn na córais faoi rialú ríomhaire den chuid is mó:
- Sa chóras is coitinne, bíonn timthriall na soilse tairiseach, socraithe chun taobhú leis an trácht ar an bpríomhbhóthar.
- I gcórais eile, athraítear an timthriall i rith an lae chun déileáil leis na patrúin athraitheacha tráchta.
- I gcórais níos casta fós, athraíonn an ríomhaire an timthriall go leanúnach, ag brath ar dhéine na tráchta a bhíonn á monatóiriú ar na bóithre sa chomharsanacht (ag braiteoirí faoin mbóthar nó córas ceamaraí teilifíse ciorcad iata).