Socrú núicléach leis an Iaráin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa bhliain 2015, bhí réiteach núicléach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra; tugadh an socrú núicléach leis an Iaráin air, nó an Joint Comprehensive Plan of Action (an JCPOA) tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[1][2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.
Cineál | doiciméad socrú |
---|---|
Dáta na bliana | 14 Iúil 2015 |
Dáta foilsithe | 14 Iúil 2015 |
Sínitheoir | |
Cúis | Negotiations leading to the Joint Comprehensive Plan of Action (en) |
Croineolaíocht | |
United States withdrawal from Iran Deal (en) | |
Suíomh gréasáin | eeas.europa.eu… |
Ach rinne go leor daoine cáineadh ar an gcomhaontú: lucht tacaíochta an chogaidh i gComhdháil SAM (na Poblachtánaigh) agus na dochtairí i gceannaireacht na hIaráine, Iosrael agus na hAraibe Sádaí. Mar sin, nuair a toghadh Trump, d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh go gairid ina dhiaidh.
Níor chas Hassan Rouhani, Uachtarán na hIaráine, riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]