Seoltóir tintrí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bealach chun foirgnimh is struchtúir arda a chosaint ar splancanna tintrí. Tugtar slat tintrí air freisin. Stiall nó slat chopair a bhíonn ann, ceann amháin de ag gobadh suas ón bpointe is airde den fhoirgneamh. Bíonn an ceann íochtarach ceangailte leis an talamh trí chábla le friotaíocht an-íseal. Aon splanc thintrí a bhuaileann ceann uachtarach an tseoltóra, seoltar go sábháilte í ar feadh an bhealach ísealfhriotaíochta seo don talamh.[1]