An tSeoirsis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an tSeoirsis, nó an Ghrúisis, teanga oifigiúil na Seoirsia, agus í ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine, a bheag nó a mhór. Ceann de na teangacha Cugasacha Theas is ea í, agus le fírinne is í an t-aon teanga amháin acu a bhfuil forbairt cheart liteartha déanta uirthi. Iad siúd a labhraíonn teangacha eile an ghrúpa seo, is é sin, Kivruli, Laz, Svan, nó Margaluri, is í an tSeoirsis liteartha is mó a chleachtann siad mar theanga liteartha. Cuid de chainteoirí na dteangacha seo, áfach, tá cónaí orthu sa Tuirc, agus dá réir sin is í an Tuircis an t-aon teanga liteartha a úsáideann siad, cé nach bhfuil gaol ná lúb ghaoil ag an teanga sin leis an tSeorsis. Is é kartuli ena (ქართული ენა) ainm na teanga sa teanga féin.
ქართული ენა, ქართული agus ქართული | |
---|---|
Cineál | teanga, teanga litríochta agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 3,700,000 (2014) |
Dúchasach do | Seoirsigh, an tSeoirsia, Artvin Province (en) , Ordu Province (en) , Sakarya Province (en) agus Cugas Theas |
Stáit | an tSeoirsia, an Tuirc, an Rúis, an Iaráin, an Asarbaiseáin agus an Airméin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Cugasacha Kartvelian (en) Karto-Zan (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aibítrí Seoirseacha, Georgian Braille (en) , Asomtavruli (en) , Nuskhuri (en) agus Mkhedruli (en) |
Staidéar ag | Georgian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | ka |
ISO 639-2 | geo |
ISO 639-3 | kat |
Glottolog | nucl1302 |
Linguasphere | 42-CAB |
Ethnologue | kat |
ASCL | 4902 |
Linguist List | geor |
IETF | ka |
Tá aibítir dá cuid féin ag an tSeoirsis. Deir na hAirméanaigh gurbh é Mesrop Mashtots, naomhphátrún na hAirméine, a rinne í, díreach mar a chum sé aibítir na hAirméinise féin, ach is é an scéal a insíonn na Seoirsigh féin gurbh é an Rí Pharnavaz a cheap na litreacha sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost.
Tá traidisiún saibhir liteartha ag an tSeoirsis. Is é an téacs is sine atá ann ná Tsamebay tsmindisa Shushanikisi, dedoplisa (წამებაჲ წმიდისა შუშანიკისი დედოფლისაჲ) nó "Mairtíreacht na Bainríona Naofa Shushanik", agus téann sé siar go dtí an cúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost. B'é Iakob Tsurtaveli a chum é. Sa dara haois déag a scríobhadh eipic náisiúnta na Seoirsia, Vepkhistqaosani (ვეფხის ტყაოსანი), nó "An Ridire i gCraiceann an Phantair". B'é Shota Rustaveli an t-údar.
Cé go bhfuil an tSeoirsis an-difriúil le teangacha na hEorpa, bhí sí fáiltiúil riamh roimh fhocail iasachta ó na teangacha Iartharacha. An té a éistfidh leis an raidió Seoirsise, aithneoidh sé roinnt mhaith focal a tháinig as an Laidin nó as an nGréigis. I gcomparáid léi, tá an Airméinis, cuir i gcás, i bhfad níos "dothuigthe", cé go bhfuil sí gaolmhar leis na teangacha Ind-Eorpacha.