From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cuid de seanscéalta na Rúraíochta é Searg Chú Chulainn (Sean-Ghaeilge Serglige Con Culainn), nó Aonéad Eimhire (Oenét Emire) mar a thugtar air freisin. Insítear an scéal mar a cuirtear mallacht ar an laoch Cú Chulainn, de bharr a ionsaí ar na mná sí, agus mar a thagann leigheas air agus é geallta go drogallach aige, go gcuideodh sé le hairm iad siúd a ndearna sé éagóir orthu. Is é de dheasca a chaidrimh leis an sí, Fand, a fhulaingíonn a bhean chéile, Eimhear, a haonéad.[1]
Cineál | saothar liteartha agus finscéal |
---|---|
Tréith | |
Carachtair | |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | An Rúraíocht |
De réir Myles Dillon:
Tá dhá lámhscríbhinní ann ina maireann an scéal, Leabhar na hUidhre (LU) na 12ú haoise, agus cóip de ón 17ú haois, Coláiste na Tríonóide H. 4.22.[3]
Is léir é gur cuireadh dhá leagan éagsúla le chéile in LU: cuid de darb ainm Athleagan A, ach cuid eile de scriosta agus athscríofa, nó leathnaigh tógtha amach agus cinn nua curtha ann, darb ainm Athleagan B. Is amhlaidh gur thóg scríbhneoir Athleagain B mar bhunús an lámhscríbhinn caillte, Leabhar Buí Slaine, chomh maith lena scríbhneoireacht féin. Ní léir é, áfach, cén téacs a bhaineann le foinse ar leith. Is ón 12ú haois í teanga Athleagain Á, ach ón 9ú haois teanga Athleagain B ('sé sin, níos luaite).[4][5][6][7]
De dheasca na bhfoinsí éagsúla, tá neamhleanúnachais agus neamhréireachtaí sa scéal, go háirithe ainm bhean chéile Chú Chulainn, a athraítear ó Eithne Ingubai go hEimhear.
Tá laoch na nUladh, Cú Chulainn agus a chompánaigh i Muirtheimne, ag seilg éan chun iad a thabhairt dá mná chéile, caite ar a nguaillí. Agus éin ag cách ach Eimhear, níl sa spéir ach dhá éan mhóra is áille is aistí, nasctha le slabhra óir agus amhrán draíochta codlata á chanadh acu. D'aithin Eimhear gur as Tuatha na Sióg iad agus deir sí le Cú Chulainn gan iad a mharú. In ainneoin sin, déanann sé iarracht, ach éiríonn leis ach a sciathán a ghortú. Buailtear tinn é Cú Chulainn, gan aithne gan urlabhra in aice le gallán.[1]
Agus é tógtha le fiabhras, feiceann sé beirt bhan, na héin mar a bhí, Fand and Lí Ban. Tá eachlaisc acu agus tugann siad leathmharú air. Luíonn sé tinn ar feadh bliana, go dtí go dtagann Lí Ban ar ais. Iarrann sí air teacht go Mag Mell, agus cabhrú le Fand a naimhde a chloí. Mar mhalairt, leigheasfaidh Fand é. Diúltaíonn Cú Chulainn faoi, ach toilíonn a charbadóir Lao dul.
Anois díreach, bristear an scéal agus Cú Chulainn ag tabhairt comhairle dá mhac altrama Lughaidh na Riabh Dearg, ardrí nuathofa na hÉireann. Is cuid de sheanrá tecosca (teagasc) atá i gceist, agus "can hardly belong to the story in its original form".[8] Tuigtear ámh, go bhfuil a ghaois, cé nach dual dó é, de dheasca dea-thionchar a thinnis dhraíochtúil.[9][10]
Idir an dá linn, tagann Lao ar ais, agus le cuidiú Eimhire (a cháineann a céile toisc gur thogh sé a bhród thar a sláinte), éiríonn leis Cú Chulainn a áitiú, dul in éineacht leis go Mag Mell, tír Fhainde, agus a naimhde a chloí.[1]
Luíonn Fand agus Cú Chulainn le chéile, ach tagann Eimhear ar an eolas, agus téann le buíon ban faoi airm sceana chun aghaidh a thabhairt ar Fhand. Tar éis cuir agus cúitimh, aithníonn an bheirt bhan grá neamhleithleach a chéile, agus iarrann siad go nglaca Cú Chulainn an té eile. Socraíonn Fand féin go bhfillfidh sí ar ais chuig a fear céile, Manannán mac Lir, agus go bhfana Eimhear i dteannta le Cú Chulainn. Tá Cú Chulainn agus Fand croí briste, agus dá bharr, iarrann Fand ar Mhanannán a fhallaing cheobhráin a chroitheadh eatarthu, ionas nár bhuaile le chéile arís iad choíche. Tugann na draoithe deoch dhraíochta go Cú Chulainn agus Eimhear, chun dearmad a dhéanamh ar an eachtra.[1]
Ag deireadh an téacs i Leabhar na hUidhre faightear ráiteas a bhfuil luaite de ghnáth leis an scríbhneoir críostaí H[11] a athraigh an lámhscríbhinn:
Tá leagan den scéal scríofa agus foilsithe ag Augusta, Lady Gregory ina bailiúcháin 1902 Cuchulain of Muirthemne. Chóirigh William Butler Yeats an leagan seo de Ghregory ina dhráma 1922, The Only Jealousy of Emer.
Tá an chéad amhrán "The Sick Bed of Cuchulainn" ar an albam 1985 Rum, Sodomy, and the Lash de chuid The Pogues, ainmnithe as an scéal.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.