An tSean-Ghréig
Seanthír na Gréige / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tháinig tús le sibhialtacht sa Ghréig thart ar 3000 R. Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an ré seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás Knossos mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R. Ch. Sa bhliain 1450 R. Ch. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
An tSean-Ghréig | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | stair na Gréige | |||
Ar theorainn le |
Cé go raibh tionchar mór ag na Mionóigh ar stair na Gréige, ceaptar nár Ghréagaigh iad ó thaobh a dteangan de. Tháinig an chéad phobal gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R. Ch., agus tar éis deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéinéach uirthi, a mhair ó 1600–1100 R. Ch. Is ó Ré na Mícéinéach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh Chogadh na Traoi, cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R. Ch.
Ina dhiaidh sin, is féidir stair na Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta:
- An Ré Ársa timpeall 800–500 R. Ch.;
- An Ré Chlasaiceach timpeall 500–323 R. Ch.;
- An Ré Heilléanaíoch timpeall 337–146 R. Ch.;
- An Ré Rómhánach, ó 146 R.Ch. go dtí 476 A. D.
Ag tús na Ré Ársa, chum na Gréagaigh aibítir na Gréigise, a bhí bunaithe ar aibítir na bhFóinéiciach, ach gur chuir na Gréagaigh litreacha i gcóir gutaí isteach inti den chéad uair.
Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R. Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.
Tarluint chinniúnach ag tús na Ré seo ab ea iarracht na hImpireachta Peirsí mórthír na Gréige féin a ghabháil. Dhein na Peirsigh dhá ionradh ar an nGréig, i 490 R. Ch. agus arís i 480–478 R. Ch., ach chuir na Gréagaigh ruaig orthu (feic Cath Mharatóin), rud nach raibh na Peirsigh ná mórchuid na nGréagach ag súil leis. Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach i ndiaidh na gCogaí Peirseacha. Is sa tréimhse seo a bhí Cogadh na Peilipinéise idir Sparta agus an Aithin, go raibh an bua ag Sparta ann. Ba é an Ré Chlasaiceach Ré an "polis" (Gréigis: πόλις), nó "cathair-stát", mar nach raibh aon rialtas náisiúnta ag na Gréagaigh, ach bhí an tír roinnte idir a lán cathracha neamhspleácha a bhí i gcoimhlint lena chéile don chuid is mó.
Theip ar an seanchóras politiúil seo i 337 R. Ch. nuair a d'éirigh le Pilib II, rí na Macadóine, cathracha na Gréige a chur faoi smacht, agus don chéad uair riamh bhí iomlán na Gréige féin faoi smacht ag rialtas amháin (lean na cathracha Gréagacha san Iodáil agus sa tSicil mar cathracha neamhspleácha, áfach). Tháinig a mhac Alastar Mór ina chomharba ar Philib, agus d'éirigh leis, mar aon le harm mór Macadónach is Gréagach, ionradh a dhéanamh ar an Impireacht Pheirseach agus an impireacht sin ar fad a ghabháil. Leath an bua seo an cultúr Gréagach thar leath na cruinne, ón Éigipt aniar go dtí an Ind. Scoilteadh impireacht Alastair Mhóir tar éis a bháis ina ríochtaí neamhspleácha, agus ceaptar bás Alastair mar tús leis an Ré Heilléanaíoch.
Ghabh na Rómhánaigh an Ghréig i 146 R. Ch., agus bhí sí mar chuid lárnach den Impireacht Rómhánach feasta.
Tháinig deireadh le cumhacht na Sean-Ghréige nuair a ghabh na Rómhánaigh í mar chuid dá n-impireacht i 146 R. Ch. D'ainneoin go raibh an lámh in uachtar ag na Rómhánaigh maidir leis an gcumhacht pholaitiúil de, bhí tionchar as cuimse ag cultúr na Gréige ar an impireacht.
Cé gur thit an Impireacht san Iarthar as a chéile sa deireadh, lean an Impireacht san Oirthear mar chomharba uirthi, agus ba impireacht Ghréagach í feasta, go dtugtar an Impireacht Bhiosántach uirthi anois.