From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is seaman ann ná cineál draoi nó lia sí atá ag iarraidh dul i dteagmháil le spioraid le bheith ina nasc cumarsáide idir iadsan agus an cine daonna. Bíonn seamanachas á chleachtadh ag pobail bhundúchasacha i Meiriceá Theas, i dTuaisceart na Rúise agus i measc na nEiscimeach inniu féin. Creideann lucht leanúna an tseamanachais go bhfuil an seaman in ann maolú ar an bhfearg a bhíonn ar na spioraid leis na daoine agus gur féidir leis tinneas an choirp a leigheas trí chaoi cheart a chur ar an anam. Go ginearálta, tarraingíonn an seaman támhnéal air féin agus é ag caidreamh na spiorad a fhad is a fhanann sé faoi thámhnéal, dar leis féin. Is féidir leis drugaí siabhraigineacha a thógáil leis an támhnéal a spreagadh, ach is féidir leis é féin a thuirsiú ag damhsa freisin.
Cineál fostaíochta | religious activity (en) |
---|
An focal féin seaman, tháinig sé ó na teangacha Tuircice. Bhí cleachtais sheamanacha coitianta go maith i measc lucht labhartha na dteangacha seo, go dtí go bhfuair Ioslam an ceann ab fhearr ar an seamanachas.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.