![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/48/Prester_John.jpg/640px-Prester_John.jpg&w=640&q=50)
Seán Sagart
From Wikipedia, the free encyclopedia
De réir mhiotaseolaíocht uile-Eorpach na Meánaoiseanna, rí Críostaí ab ea Seán Sagart ("Prester John" nó, mar a deir foclóir Phádraig Uí Dhuinnín, Eoin Cruimhthir) agus é i gceannas ar ríocht mhór shaibhir Chríostaí taobh amuigh den Eoraip. Ní raibh Seán Sagart ann ar aon nós, ach bhí scéalta faoi ag dul timpeall na hEorpa ar feadh i bhfad, agus spreag sé na hEorpaigh chun an domhan a thaisteal ar lorg tíortha nua.
![]() "J. Preste" nó Seán Sagart ina Impire ar an Aetóip, agus é ina shuí ar a shuíochán ríoga. Léarscáil na hAfraice Thoir in atlas a cuireadh in eagar don Bhanríon Máire sa bhliain 1558. ![]() | |
Cineál | carachtar miotasach ![]() |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Eile | |
Comhionann | Emperor of Ethiopia (en) ![]() ![]() |
Bhí ráchairt ar an bhfinscéal faoi Sheán Sagart san Eoraip ón dóú haois déag go dtí an seachtú haois déag. Chreidtí, go bunúsach, go raibh sé ina shagart agus ina rí araon, agus go raibh a ríocht suite áit éigin ar an taobh eile de ríochtaí na bPágánach agus na Moslamach. Na scéalta a bhítí a insint faoi ríocht Sheáin Shagairt, thug siad le fios go raibh gach sórt iontaisí neamhshaolta ina ríocht, fiú gur sórt Parthas ar an domhan suthain seo a bhí ann. D'fhéadfá ríocht Sheáin a chur i gcomparáid le Tír na nÓg.
Ar dtús, deirtí go raibh ríocht Sheáin suite san India. Chuala na daoine iomrá éigin ar na Críostaithe Neastóracha agus ar an obair mhisinéireachta a bhí déanta acu sa Chian-Oirthear. Sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost, chum na Gnóisithe téacs apacrafúil, Gníomhartha Thomáis, inar thug siad le fios go raibh an tAspal Tomás tar éis an India a thaisteal le bás an mhairtírigh a fháil ansin. Is dócha gur chuir an cineál seo téacsaí an chéad tús leis na finscéalta faoi Sheán Sagart.
Nuair a d'ionsaigh na Mongólaigh an Eoraip, d'athraigh na finscéalta faoi Sheán. B'é an leagan nua ná go raibh cónaí air i Lár na hÁise. Sa deireadh thiar, d'áitigh na Portaingéalaigh orthu féin gur tháinig siad trasna air san Aetóip. Chuir na scéalta faoi Sheán Sagart fantaisíocht na ndaoine ar coipeadh, agus is iomaí taiscéalaí a chuaigh ar bhord a loinge le dul ar lorg ríocht Sheáin, ach d'fhan an ríocht sin as aice láimhe go deo. Is fearr a rá gur siombail a bhí ann a sheas don Eaglais uileghabhálach in aois an achrainn. Is follasach go raibh siombail den chineál sin ag teastáil ó na Críostaithe, ó tháinig scoilt idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais an Oirthir.